Fleadh Cheoil na hÉireann Inis 2016

14-22 Lúnasa 2016

Is í Fleadh Cheoil na hÉireann an ócáid is tabhachtaí i bhféilire an cheoil thraidisiúnta. Is mór an onóir ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann go bhfuil Micheál D. Ó hUigínn, Uachtarán na hÉireann, ag oscailt Fhleadh na bliana seo go hoifigiúil. Do go leor daoine, is toradh na míonna oibre dhéin agus cleachta é agus iad curtha i gcomórtas i gcoinne a gcomhghleacaithe ceoil, amhránaíochta agus rince chun a bheith aitheanta mar Churadh Uile-Éireann. Do dhaoine eile is féile ar leith é ag a gcuirtear fáilte roimh gach éinne taitneamh a bhaint as scoth na n-ealaíon traidisiúnta chomh maith le réimse leathan de ghníomhaíochtaí iontacha.

  • Ag súil le 400,000 cuairteoir go hInis thar 9 lá
  • 10,000 ceoltóir
  • 6,000 in iomaíocht a chéile i 180 comórtas i gcomhair Chraobh na hÉireann!
  • 1,000 oibrí deonach
  • Cruinneachán le 2000 suíochán
  • 28 ceolchoirm 

Tá Aerfort na Sionainne linn mar phríomh urraí don Fhleadh. Cuirfear fáilte chroíúil roimh na mílte cuairteoirí a thagann tríd Aerfort na Sionainne ó thimpeall na cruinne ar a mbealach go hInis. Tá Supermac’s a bhfuil dea-cháil orthu mar urraí ar imeachtaí chultúrtha agus spóirt linn mar urraí órga ar an bhFleadh Cheoil. Is vóta muiníne sa bhFleadh na hurraithe iontacha seo a bheith linn in éineacht le cuidiú Fáilte Ireland agus an lucht gnó a aithníonn an tábhacht chultúrtha agus eacnamaíochta a bhaineann leis an bhFleadh. Táthar ag súil go mbeidh €38 milliún caite go háitiúil le linn na Fleidhe. Tá rí thábhacht ag baint le hurraíocht ó na comhlachtaí móra seo toisc go bhfuil costas €1.1m ar an bhFleadh a reachtáil i 2016.

Mar a dúirt Mary Considine, Company Secretary, Shannon Group, “A love of traditional Irish music runs deep in Clare and is a vibrant part of our local heartbeat and coming on board as main sponsor for Fleadh Cheoil na hÉireann Inis 2016 was a natural fit for us. We have been busy extending a warm welcome to the many visitors and participants coming to the event through Shannon Airport. As an airport with deep roots in the community we know that the tremendous spirit of volunteerism demonstrated by the people of Clare and beyond will leave a powerful, lasting legacy and all those who have given selflessly of their time are to be commended.”

Tionóladh Fleadh Cheoil na hÉireann in Inis dhá uair roimhe seo i 1956 agus i 1977 agus ba chora cinniúnacha iad an dá Fhleadh sin i stair Cheol Traidisiúnta na hÉireann. Anois tá Inis ag reáchtáil Fleadh Cheoil na hÉireann arís agus tá sé de chúram ag Coiste Feidhmiúcháin na Fleidhe an fhéile a eagrú i gcomhpháirt le Comhairle Contae an Chláir, na Gardaí,Comhlachtaí Reachtúla, sainchomhairleoirí agus na pobail áitiúla agus ghnó.

“We are witnessing a great community Meitheal to ensure that The Fleadh Down In Ennis is the best Fleadh ever,” arsa Micheál O Riabhaigh, Cathaoirleach Choiste Feidhmiúcháin na Fleidhe. Luaigh sé chomh maith gur mór an pribhléid agus gur freagracht uafásach mór é an ócáid dochreidte seo a reachtáil agus go gcuireann sé fáilte roimh na cuairteoirí ar fad a thagann go hInis. “I welcome all our visitors to Ennis and sincerely hope the music and the craic will be mighty and that everybody will have a happy and a safe time in our town and county.”

Beidh suas le 6,000 iomaitheoir ag seinm, ag canadh nó ag rince chun Craobh na hÉireann a bhuachan i 180 comórtas éagsúla. Tagann siad ó ceann ceann na tíre agus ón gcoigríoch, le scata mór daoine ag teacht ó na Stáit Aontaithe.Is cuid lárnach de bhunchuspóir Chomhaltais an traidisiún a mhúineadh agus a fhágáil le hoidhreacht. Bíonn a lucht tacaíochta féin ag gach comórtas agus ag gach iomaitheoir, idir teaghlaigh, cairde, leantóirí agus daoine a bhfuil spéis faoi leith acu iontu, ach níl aon cheist faoi ach go mbeidh tóir ag gach duine ar shuíochán sa Chruinneachán Mór ar an Domhnach, 21 Lúnasa, i gcomhair oíche iontach lán de cheol agus de chomórtas. Is ócáid speisialta ar leith é Comórtas na mBannaí Ceoil Sinsearacha agus iad in iomaíocht lena chéile do Chraobh na hÉireann.

Is é Scoil Éigse an scoil samhraidh oifigiúil, eagraithe ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Is féidir le hÉireannaigh agus daltaí idirnáisiúnta de gach aois clárú le haghaidh na ranganna éagsúla ceoil, amhránaíochta, rince agus Gaeilge.

Reáchtálann an scoil ceardlanna, léachtaí agus seisiúin le linn Fhleadh Cheoil na hÉireann. Is é Scoil Éigse an príomh-imeacht i gclár oiliúna an Chomhaltais. 


Beidh scoth na dtaibheoirí ag Fleadh Cheoil na hÉireann Inis 2016 agus beidh sraith de cheolchoirmeacha ar siúl thar 9 lá na Fleidhe. Forbraíodh ceolchoirmeacha d’ardchaighdeáin agus imeachtaí eile ag an bhFleadh thar na blianta agus anois is cuid lárnach den Fhleadh iad chomh maith leis na comórtais agus na seisiúin sráide.

I measc na ndaoine mór le rá a bheidh in Inis i mbliana tá Martin Hayes, Maura O’Connell, Stockton’s Wing, Frankie Gavin, The Kilfenora Céilí Band agus Cherish the Ladies. Beidh 28 ceolchoirm san iomlán, agus beidh 17 acu ar siúl i nGlór, an príomhionad reacaireachta agus ceoil in Inis. Cuireadh Cruinneachán speisialta suas i bPáirc Tim Smythe le suíocháin do 2000 duine. Is ag an Cruinneachán seo a bheidh Beoga/Crunniú, The Kilfenora Céilí Band, Stockton’s Wing/Maura O’Connell, comórtas na mBannaí Céilí Sinsearacha agus Cherish the Ladies.

Cuirfear tús leis an bhFleadh leis an dráma “Seachtar Fear, Seacht Lá” ag Faiche Spórt CLG an Chláir i bPáirc Chíosóg a leanfaidh Oscailt Oifigiúil na Fleidhe ag Uachtarán na hÉireann. Is dráma é Seachtar Fear- Seacht Lá atá bunaithe ar script a scríobh an scríbhneoir mór le rá Brian Mac Mathúna sa bhliain 1966 do chomóradh an leathchéid ar Éirí Amach na Cásca. Beidh sraith léachtaí bainteach le stair, ceol, cultúr ar siúl i rith na seachtaine agus beidh an Ghaeilge lárnach in imeachtaí speisialta ón Luan 15 go Domhnach 22 Lúnasa.

Tá go leor obair dheonach de dhíth chun tacú le reáchtáil Fhleadh Cheoil na hÉireann Inis 2016. Earcaíodh breis is 1000 oibrí deonach i bhfeachtas ollmhór a d’eagraigh Ionad d'Oibrithe deonacha an Chláir. Tá an tIonad céanna freagrach as oiliúint agus comh-ordú na n-oibrithe deonacha

Craolfar FleadhTV beo ón bhFhleadh idir 8.30p.m. agus 11.30 p.m. ón Déardaoin 18 Lúnasa go Domhnach 21 Lúnasa ar TG4 chomh maith le tg4.tv agus suíomh idirlín na fleidhe fleadhcheoil.ie
i mbliana beidh gné breise le FleadhTV le criú ceamara taistil a bheidh ag craoladh ó áit dhifriúil sa Chlár gach oíche.

Déanfaidh an Fhleadh Ghlas cinnte go bhfuil sé éasca dramhaíl a laghdú agus a leithscaradh, úsáid uisce agus fuinnimh a íoslaghdú, astuithe carbóin a laghdú agus go bhfaightear earraí agus ábhair ar bhealach inbhuanaithe. Cabhróidh an Fhleadh Ghlas leis an 400,000 cuairteoir a thiocfaidh go hInis na céimeanna cuí a thógáil chun an timpeallacht a chosaint agus a fheabhsú. Is comhpháirtíocht é seo idir an Rannóg Timpeallachta i gComhairle Contae an Chláir agus Bailte Slachtmhara na hInse, chomh maith leis an bpobal gnó áitiúil agus roinnt gníomhaireachtaí.

D’eagraigh brainsí Comhaltais an Chláir ‘Ag Roinnt an Chláir’ chun cabhrú le cuairteoirí ar Fhleadh Cheoil na hÉireann 2016 taithí a bhaint as cultúr agus áilleacht nádúrtha an Chláir. Beidh seisiúin cheoil, damhsa seit, turasanna áitiúla agus gníomhaíochtaí do chuairteorí na Fleidhe ar siúl i go leor bailte agus sráidbhailte ar fud an chontae. Tá ‘Ag Roinnt an Chláir’ mar chuid de thionscnamh ‘An Clár, Contae an Chultúir’ a d’fhorbraigh Comhairle Contae an Chláir. Beidh imeachtaí ar siúl in Inis Díomáin, sa Tulach, i gCill Fhionnúrach, i gCuinche, sa Scairbh, i gCuar An Chláir, i Sráid na Cathrach, agus San Fhiacail mar chuid den chlár ‘Ag Roinnt An Chláir’.

Eolas breise ar fáil faoi imeachtaí agus ócáidí ag

Donal ÓhAiniféin 087-2281585 This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Anne Jones 087 2204645 Ciana Campbell 087 6815635 Caimin Jones 087 2470908

www.fleadhcheoil.ie

 

Sracfhéachaint ar an bhFleadh

  • Ag súil le €38 milliún caite in Inis le linn na Fleidhe
  • Ag súil le 400,000 cuairteoir go hInis thar 9 lá
  • 10,000 ceoltóir
  • 80,000 cuairteoir in Inis ag aon am faoi leith
  • 6,000 in iomaíocht lena chéile i 180 comórtas i gcomhair Chraobh na hÉireann!
  • 24 ionad óstála i gcomhair comórtas agus imeachtaí eile
  • 28 ceolchoirm (5 cinn ar siúl i gCruinneachán na Sionainne, ionad le 2000 suíochán i bPáirc Tim Smyth)
  • 1,000 oibrí deonach ag bualadh le cuairteoirí, ag obair mar mhaoir, ag piocadh bruscar, agus ag obair mar “aghaidh na Fleidhe”
  • 60 áit le haraid bhruscar a baileofar go rialta
  • lár bhaile na hInse saor ó ghloiní
  • airmheán comhordaithe leighis, ag Halla Assumpta, Bóthar an Stáisiúin
  • €5 táille pháirceála ag gach saoráid pháirceála, Páirceáil agus saor thaisteal go lár an bhaile ar sheirbhís tointeála bus san áireamh
  • Cosc ar throscán sráide.
  • Carranna á dtarraingt ó limistéir nach bhfuil páirceáil ceadaithe
  • CCTV ag monatóireacht gluaiseacht na gcoisithe agus ag cabhrú le ceisteanna rochtain
  • ….agus cúig chiliméadar de stiallbhratacha!


Eolas breise ar fáil faoi imeachtaí agus ócáidí ag

www.fleadhcheoil.ie